Riarachán

Bunaíodh Coláiste Pobail Rathcairn i 1986. Tá 104 dalta sa scoil faoi láthair. Is scoil lán Gaelach Gaeltachta í. Is é mana na scoile ná "Is fiú agus is féidir". Tá rang amháin i ngach bliain ar chaighdeán éagsúil. Is i nGaeltacht Ráth Cairn atá an scoil lonnaithe. Is féidir foirmeacha clárúcháin a fháil sa scoil. Founded in September 1986 Coláiste Pobail is an Irish medium school situated in the Ráth Cairn Gaeltacht. . The school motto is " Is fiú agus is féidir".

Coras Iompar
Tá trí bhus in úsáid ag an scoil: - ceann ón Uaimh, ceann eile ó Chill Mheasáin via Átha Throim agus Cill Dealga. Tagann an triú bus ó Bhaile Ghib. Buses from Navan, Trim via Kilmessan and Kildalkey and Baile Ghib serve the school.

Agallamh/Clarú
Ní mór do gach scoláire agallamh a dhéanamh leis an bpríomhoide sa choláiste lena chinntiú go bhfuil cumas sásuil Gaeilge aige/aici chun an cúrsa a leanúint anseo. Ní mór clárú roimh 1 Márta ar a dhéanaí, mar sin, moltar do thuismitheoirí teagmhail a dhéanamh leis an bpríomhoide chomh luath agus is féidir.

Ábhair don Ardteistiméireacht
Gaeilge, Béarla Mata, Bitheolaíocht, Fisic agus Ceimic, Fisic, Fraincis, Gearmáinis, Ealain, Staidéar Foirgníochta, Eacnamíocht Bhaile, Gnó, Ceol, Spóirt agust Teagasc Reiligiúin.

Ábhair don Teastas Sóisearach
Gaeilge, Béarla, Mata, Fraincís, Gearmáinis, Stair, Eolaíocht, Ceol, Ealaín, Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad), Graific Theicniúla, Staidéar Gnó, Eacnamaíocht Bhaile, Staidéar Ríomhaireachta, Oideachas Sóisialta, Oideachas Saoránaíoch Soisialta agus Teagasc Reiligiúin.

Imeachtaí Breise
Tá béim láidir ar spórt; lúthchleasaíocht, peil, iomáint agust cispheil. Tá traidisiún láidir drámaíochta sa scoil. Tá clú ar fhoirne díospóireachta an choláiste chomh maith idir Ghaeilge agus Bhéarla. Tá turas thar sáile déanta ag daltaí na scoile gach bliain ó 1986 i leith, gan trácht ar mhalartú le daltaí ón bhFrainc, Tír na mBascach, an Bhreatain Bheag agus Béal Feirste agus Inis Oirr. Tá áit thábhachtach ag ceol traidisiúnta, ag rincí Gaelacha agus ag cór na scoile sna himeachtaí breise.

Bunscoileanna
Gaelscoil na Bóinne, Áth Troim, Scoil Uí Ghramhnaigh, Rathcairn, Scoil Éanna, An Uaimh, Gaelscoil na Ríthe, Domhnach Seachnaill, Scoil Ultan Naofa , Baile Ghib, Gaelscoil na Cille, Cill Dhéalgláin

 

Feilire na scoile

loader