Coláiste Pobail Ráth Chairn.
Meánscoil Lán-Ghaeilge Ghaeltachta Chontae na Mí
Is fiú agus is féidir.
Teachtaireacht ó Mhacdara Ó Duillearga, Príomhoide Choláiste Pobail Ráth Chairn.
Is mór an chúis bróid dom a bheith mar phríomhoide ar Choláiste Pobail Ráth Chairn. Bunaíodh an scoil i 1986 faoi choimirce Bhord Oideachais agus Oiliúna an Lú agus na Mí. Tagann daltaí ó abhanntrach an-leathan chuig an scoil. Is pobal scoile láidir sinn atá ag obair as lámha a chéile le meas, spraoi agus díogras.
Tá an scoil lonnaithe faoin tuath i gceartlár Ghaeltacht Ráth Chairn. Is iad Comharchumann Ráth Chairn ba chúis le bunú na scoile an chéad lá riamh. Bhí an scoil ag feidhmiú i seomraí de chuid an Chomarchumainn ó 1986. Tógadh scoil nua i ngarraí “Tom Fitz” i 2000. Scoil do 200 dalta le gach áis nua-aoiseach i ngach seomra. Iompraíonn trí bhus daltaí chun na scoile ón Uaimh, ó Chill Mheasáin via Áth Troim agus Áth Buí, agus ó Bhaile Ghib.
Leagadh béim ón gcéad lá ar fhorbairt an duine iomláin agus cruthaítear deiseanna éagsúla dóibh chun a mbuanna a chothú m.s. sa ghrúpa ceoil, sna cluichí ag am lóin, i ndrámaí agus ar thurais scoile.
D’fhorbair an Coláiste struchtúir éifeachtacha le fiche bliain anuas chun gach deis a thabhairt dá cuid daltaí taitneamh agus tairbhe a bhaint as a gcuid blianta scoile agus as a dtodhchaí. Feidhmíonn an scoil ar bhonn gairmiúil trí rannphairtíocht an Bhoird Bainistíochta, ár dtuistmitheoirí, ár ndaltaí agus foireann dhíograiseach na scoile.
Is mise le meas,
Macdara Ó Duillearga
Príomhoide.